Is grúpa scoláirí, léachtóirí, baill foirne ollscoileanna, agus páirtithe leasmhara a bhfuil spéis acu san oideachas tríú-leibhéal trí Ghaeilge é An Comhaontas ar son na Gael-Ollscolaíochta.

Taispeánann muid go bhfuil éileamh ann ó scoláirí cuid dá n-ardoideachas a dhéanamh trí Ghaeilge, go bhfuil léachtóirí toilteanach agus in ann an t-oideachas sin a sholáthar, agus – cé gur leor an méid thuasluaite chun an rogha sin a éileamh i dteanga na tíre – go mbeidh deiseanna fostaíochta ann chomh maith do dhaoine a dhéanann roinnt staidéir trí Ghaeilge san ollscoil.

Fís an Chomhaontais:

  • Modúl trí Ghaeilge a bheith ar fáil do chuile scoláire i ngach bliain den chéim.
  • Tuilleadh modúl agus cúrsaí a bheith ar fáil trí Ghaeilge.
  • Tacaíochtaí a bheith ar fáil d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe ag foghlaim trí Ghaeilge.
  • Aitheantas do na scoláirí a dhéanann a gcuid staidéir trí Ghaeilge.
  • Tacaíocht a bheith ar fáil d’ollscoileanna léachtóirí le Gaeilge a earcú, i réimse leathan ábhar.
  • Deiseanna do léachtóirí a gcuid Gaeilge a fheabhsú, agus tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh modúil a múineadh trí Ghaeilge.
  • Comhoibriú idir ollscoileanna chun an soláthar a mhéadú.
  • Naisc a láidriú idir ollscoileanna agus fostóirí.
  • Córais riaracháin ollscoile oiriúnach le haghaidh cúrsaí Gaeilge.

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh deiseanna staidéir trí Ghaeilge ar fáil i réimse leathan ábhar. Dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa teanga ar a son féin nó ag iarraidh ár gcultúr agus oidhreacht a chaomhnú, dóibh siúd gur mhaith leo ról lárnach na Gaeilge sa saol reatha a chinntiú, i gcúrsaí oideachais, dlí agus leighis, agus dóibh siúd a bhfuil spéis acu a bheith ag obair ar thaighde ceannródaíoch cosúil le hintleacht shaorga nó cur chuige nuálacha le dul i ngleic le hathrú aeráide, ach trí mheán na Gaeilge.

Dé réir reachtaíochta (Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) caithfidh Gaeilge a bheith ag 20% d’earcaithe san earnáil phoiblí faoi 2030. Má tá an Rialtas le cloí leis an dlí a leag siad amach, caithfidh céimithe oilte a bheith ar fáil chun na mílte post seo a líonadh.